Comhaltas Ceoltóiri ÉireannPromoting the music, culture and arts of Ireland at home and abroadHomeSite Map About Comhaltas Branches Education
Archives Fleadh Cheoil Concert Tours
Brú Ború Cultúrlann Seisiún
Fiddle players

Fleadh Cheoil

Fleadh Cheoil na hÉireann

Fleadh Nua

Fleadh Amhrán agus Rince

Ceoltrai

Ceol na nGael

  Fleadh Cheoil English 
   

Is rud fíor-Ghaelach í an Fhleadh Cheoil, a bhfuil na préamhacha fásta ó thús na gcaogaidí. Tionólodh an chéad Fhleadh de cheol traidisiúnta na hÉireann sa Mhuileann gCearr, ag tús 1951. Níos déanaí sa bhliain chéanna, bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann chun gach gné de cheol traidisiúnta na hÉireann a threisiú. Ceann de na chéad ghníomhartha a rinneadh, ná gur deineadh cinnte go bhfásfadh an Fhéile seo ina féile mhór náisiúnta, agus ag an gcruinniú bunaidh i Meán Fómhair 1951, thángthas ar an teideal sona - 'Fleadh Cheoil'.

Sin mar a rugadh an Fhleadh Cheoil agus sna blianta a lean, thóg na fleadhanna contae agus na fleadhanna cúige a n-áit ar an bhféilire traidisiúnta. Tamall ina dhiaidh sin, tháinig Fleadh na Breataine, fleadhanna réigiúnda sa Bhreatain freisin, agus dhá mhórfhleadh sna Stáit Aontaithe - iad go léir ar chlár bliana Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.

Ón tús, leag an Fleadh Cheoil síos caighdeáin trí eagrú comórtas. Inniu, tar éis beagnach caoga bliain, tugann na Fleadhanna ag gach leibhéal, stáitse agus deis chun bualadh le chéile, do na céadta is na céadta de cheoltóirí óga a choimeádann an traidisiún beo ag seinm agus ag cothú ár n-amhrán agus ár ndamhsaí. Agus ar ndóigh, de bhrí gur rud pléisiúrtha é an Fhleadh, is í an rannpháirtíocht an rud is tábhachtaí.

Ansin nuair a bhíonn na comórtais thart, tagann na hiomaitheoirí go léir le chéile i seisiúin nádúrtha a mhaireann uaireanta go héirí gréine. Bíonn thart ar 20,000 iomaitheoir ag na fleadhanna gach bliain.

    enquiries@comhaltas.com