 |
Gnó
Craobhacha an Chomhaltais
Tá
Craobhacha áitiúla éifeachtacha, riachtanach do rath an
eagrais. Bíonn gach ball páirteach in obair na craoibhe i gcraobh
ghníomhach - ag glacadh páirte sna ranganna, i gceolchoirmeacha,
nó sna seisiúin. Seo a leanas comhairlí
éagsúla a bheadh mar chúnamh do thimirí
craoibhe.
Comhairle do
Thimirí Craoibhe
Seisiúin
agus gníomhaíochtaí sóisialta:
- Ba
chóir go mbeadh sé mar nós seisiúin a eagrú
in áiteanna oiriúnacha do theaghlaigh de gach aois.
- Turais:
Turas lae a shocrú - cois farraige, áitreabh stairiúil,
Fleadhanna, Féiltí 7rl.
- Cuairt a
thabhairt ar chraobhacha eile - seisiúin, béilí 7rl.
-
Comhcheangal le daoine ó chumainn éagsúla eile
(comhoibriú leis an gCumann Lúthchleas Gael, Bantracht na Tuaithe
7rl., i do cheantar).
Gníomhaíochtaí oideachasúla:
- Ranganna -
ceol, amhráin, damhsa, teanga.
-
Múinteoirí oiriúnacha á eagrú; Ranganna
sinsir damhsa seit agus teanga.
-
Cúnamh a chur ar fáil do mhúinteoirí na ranganna a
eagrú, sa chaoi go mbeidh níos mó ama acu don teagasc.
- Taifeadadh
a dhéanamh de cheoltóirí, amhránaithe, agus
seanchaithe áitiúla, má tá aithne orthu. Taifeadadh
(físeán) a dhéanamh ar dhamhsóirí.
- Taifeadadh
a dhéanamh ar amhráin, scéalta agus píosaí
ceoil áitiúla neamhchoitianta le haghaidh oidhreachta. Ní
gá imní faoin chineál léirithe.
Cruinnithe:
- Toscaire a
chur chuig cruinnithe boird / comhdháil réigiúnach /
comhdháil.
-
Bíodh cruinniú coiste craoibhe go rialta, agus cruinniú
iomlán cinn bhliana mar a chuirtear in iúl sa Bhunreacht.
- Aidhmeanna
agus Cuspóirí CCÉ a chothú i gcónaí.
- Aon
dualgais eile a chuireann an Bord Contae nó an Chomhairle Chúige
orthu a chomhlíonadh.
Riarachán Craoibhe:
-
Méadú ball craoibhe / ranganna a spreagadh.
- Daoine a
spreagadh le páirt a ghlacadh sna fleadhanna.
-
Gníomhaíochtaí na craoibhe a phoibliú:
- go
háitiúil - siopaí, oifig an phoist, sa
séipéal (más féidir)
- go
réigiúnach nuachtáin, raidió.
- aon
áis eile atá ar fáil - nuachtáin, irisleabhair
pharóiste 7rl.
-
teicneolaíocht nua-aoiseach a chur san áireamh.
|