An Ghaeilge |
|||
| An Ghaeilge | |||
|
Tá polasaí gníomhach ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann an dátheangachas a fhorbairt agus a chur chun cinn. Tá sé seo le feiceáil ar gach leibhéal sa ghluaiseacht - áitiúil agus náisiúnta - i gcomhfhreagras, ar cháipéisí, fógraí, foilseacháin, labhairt na teanga, comórtais, srl. Tá an Ghaeilge luaite inár mBunreacht mar cheann de phríomhaidhmeanna an Chomhaltais. Tá coiste faoi leith ag an gComhaltas ag saothrú ar son na teanga agus torthaí le feiscint go forleathan. Ar an gCoiste seo tá teachtaí ó gach cúige in Éirinn agus ó thíortha eile. Is daoine iad seo a bhfuil taithí fairsing acu ar chur chun cinn na Gaeilge - an dúshlán agus na deacrachtaí a bhaineann leis seo. Tá Treoraí Gaeilge againn anois i ngach contae. Tagann siad le chéile go rialta - Caibidil - d'fhonn an obair ar son na teanga a mheas agus pleananna nua a cheapadh. Glossary
|
|||
![]() |